School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 50](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_50.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 50
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 50
- XML “Seainín na Spúnóg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag an bhfuinneóig ag faire isteach". Rug sé ar a' ghunna agus loisg sé leis amach trid an bhfuinneóig agus thuit an fear bhí taobh amuich. Chuaidh sé féin amach annsin agus fuair sé tuitthe amuich e. Tháinic sé isteach chuaig a mnaoi annsin agus dubhairt go raibh Seáinín marbh aige ar deireadh" Tá sé chomh maith dhuit anois dhul agus é thabhairt leat agus poll a chartadh ibhfad ón teach agus é chur síos ann" arsa an bhean. "Tá sé chomh maith dhom" a dubhairt sé "is ní bhéidh fhios céard d'éirigh dhó".
Bhí Seán ibhfolach inaice an tighe agus bhí sé ag eisteacht ag ag faire ar chuile shórt bhí ag imtheacht. Níorbh fhada gobhfaca sé fear an tighe agus an marbhánach ar adhruim leis agus é imthighthe píosa ón teach. Annsin tháinic Seainín cuig an doras chuig an mnaoi agus athrughadh curtha aige ar a cainnt mar fear an tighe.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Goireachtaigh
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
- Informant
- Pádhraic Mac Ghoireachtaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo