Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)

Suíomh:
Cúil na hEorna, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0654, Leathanach 431

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0654, Leathanach 431

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 431
  3. XML “Filí an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Filí an Ceanntair.
    Sé Riobárd Bheldon priomh file a bhí in ár gceanntar aon uair. Do rugadh agus tógadh Riobárd Beldon i gleann aoibhinn na Machain trí míle ón ár scoil i Cuil-na-hEorná sa blian 1837. Tá Gleann na Machan san bParoiste Cill Rosanta ag bhun Sleibhte an Comaraig i gCo Portlairge. "File an Comaraig" a thugadh mar ainm ar Riobard Beldon.
    File ó duthchais ceart dob eadh é. Do bhí a sinnsear roimhe in a bfilí. Bhiodh failte roimhe ag gach feis agus ar gach aonach ar fuaidh na deisé. Fuair sé an bhonn óir an Oireachtas mar gheall ar dán breagh a cuir sé isteach. Ta a chuidh dáin agus a chuidh amhráin ag sgaipighthe ar fuaidh na ndéise.
    Fear oibre dob eadh Riobárd Bheldon. Bhíodh sé ag obair sa Muilleann a Mhacain ag gearradh admhaidh. Bhí aith comhnuidhe aige i gclós a mhuillinn. Ní raibh sé lá dá shaogal ar scoil acht chaith sé a bheatha ag tuillead a pháigh. Níor chuir sé síos ar pháipear focal dá chuid dánthá riamh. Bhí an filidheact aige dhuthchás.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Cuilleanáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ros, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Pilib Ó Cuilleanáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Ros, Co. Phort Láirge