Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)
- Suíomh:
- Cúil na hEorna, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0654, Leathanach 409](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0654%2FCBES_0654_409.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0654, Leathanach 409
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biad na Sean Aimsiré.
San gceanntair seo fadó ní iteadh na daoine act dhá bheile sa lo an breacfast agus an suipéar. Ar maidin timcheall a deich aclog agus um tráthnóna a d'itidís iad. Ba gnáthach le daoine na h-áite seo obair a dhéanamh roimis an gcéad béile ar maidin. Bhíodh na fír amuig fán gort ar a trí a clóg ar maidin, in a suidhe ar na hiomairíbh ag fanamhaint le solas an lae cun na prataí do bhaint.
"Puiseach" agus bainne a bhíodh aca le nithe cun a mbreacfasta. Deinidís an puiseach le mín coirce no le min buidhe. Prataí, salann agus bainne géar abhíodh aca i gcóir suipéir. Ní ithidís feoil go minic act ar Lá Nodhlag. Feoil guirt a bhíodh aca. Ithidís alán éisc már bhíodh bradán agus brich go flúirseach san Clódaigh--gabhann an Clódaigh inaice Rós.
Eórna coirce agus cruithneacht -- seo iad na harbhair a chuireadh san ceanntair seo fadó. Sa bhaile a dheineadh an coirce agus an cruithneacht do mheilt. Is le bróin a dheineadh é.
Cuireadh cuid den eórna tridh ar plúr nuair bhidís ag dhéanamh aráin "Arán Eórnan" a tugadh ar an t-arán sín. Cuiridís an t-arán dhá bhácáil ar an ngreidiol os cionn an ngriosaigh agus bhíodh an t-arán sín "Arán an Greidile" go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cuilleanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ros, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pilib Ó Cuilleanáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Ros, Co. Phort Láirge