Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 171
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí buachaill béag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht.”
Bhí buachaill beag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht. An lá seo d'éirigh sé go an-luath agus bhlighe sé na bá agus chuir sé go dtí an chnoc iad. Bhí carraig mhór árd ar an chnoc seo agus is minic a shuidheadh sé annsin ag deánamh a scríste. Acht an lá seo thoisigh sé ag cuartughadh neadacha. Níorbh fhada gur fhaca sé bláth an deas. Bhí dath gorm agus buidhe air agus bhí dath bán ar an ghás. Chrom an gasúr anuas agus thóg sé é. Nuair a bhí sé ag amharc ar an bhláth chonnaic sé doras ag fosgladh ins an charraig bhí an iongantas ar fad ar an ghasúr nuair a chonnaic sé seo, nó bhí fios aige an charraig sin go maith agus ní fhaca sé dórus ariamh ann go dtí sin. Dar leis fhéin go rachadh sé fhad leis go bhfeiceadh sé an rabh teach ann. Thug sé leis an bláth agus chuaidh sé go dtí an charraig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall