Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 222
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bachach agus a bhean ann aon uair amháin agus bhí síad an bhocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bainne seo nuair a rachfas muid fad leis an bhaile mhóir agus ceannóchaidh muid cearc ar an airgid. Bhéarfaidh an chearc uibheacha, agus nuair a rachfas sí ar gur cuirfidh muid na h-uibheacha faoithe agus beidh eilín mór sicíní againn. Annsin nuair a fasfas siad-san bhéarfaidh siad mórán ubh. Díolfaidh muid na h-uibheacha go léir agus ceannóchaidh muid gamhain. Nuair a fhásfaidh an ghamhain beidh bó againn, agus beidh muid ag cur airgid i dtaiscidh na preabanna. Tógfaidh muid teach mór bréagh annsin agus beidh daoine saidhbheara ag teacht ar dhinnéar chugainn agus beidh muid go maith do na boicht". Le sin phreab an fear in a seasamh agus arsa seisean "Ní bheimid go maith do na boicht. Má fheicim aon duine atá bocht in aice mo dhorais, cuirfidh mé amach ar an gheafta é níos gaiste na mar a dtáinig sé isteach. Acht slán mar a n-innstear é bhuail sé an mhias bainne le na bhróig agus dhoirt sé é go léir.