Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 223
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige. Aon lá amháin bhí siad go léir ag obair. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile b'éigin dóbhtha a gabhail tríd an choill. Shuidh siad síos tamall faoi chrann. Tháinig beirt preachán thart agus sheas siad ar an chrann a rabh an triúr fear faoi agus thoisigh siad ag cainnt eatorra fhéin. "Ó" arsa préachan amháin "dá mbéadh an méid eolais ag apn duine agus atá againn bheadh domhain eile ann. Nuair a thiocfas an oidhche tuitfidh driucht agus dá nighfeadh duine dall a shúile ins an driucht seo tcídhfeadh sé aríst." "Tá sin ceart" arsa'n préachan eile "agus tá bláth ag fas ins an choill seo agus dá mbéadh sí doighthe thiocfadh le duine tinn an luaith a ithe agus gheobhfadh sé leiseach aríst." Annsin labhair an chéad arais agus arsa seisean "Níl uisge ar bith ins an bhaile seo anois acht tá fhios agam fá áit a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall