Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 225
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)choill agus thoisigh sé ag cuartughadh an bhláth a rabh na préacháin ag cainnt fá dtaobh de. Ins an am seo bhí ingean an rí tinn agus ní rabh dochtúir ar bith ábalta í a bhisighadh. Fuair an fear an bláth agus dhóigh sé é. Annsin thug sé an luaith leis agus chuaidh sé go dtí teach an rí. Chuir an rí fáilte mhór roimhe. Dubhairt an fear leis go rabh leigheas aige fá choinne a inghean. Thug an rí isteach ins an t-seomra é agus thug an fear an luaith do, agus d'innis sé air é a chur isteach i gcupán uisge agus annsin é a thabhairt don inhgean. Rinn sé seo agus an lá ina dhiaidh sin bhí sí biseach. Bhí an-áthas ar an rí agus thug sé mála óir don fhear. Nuair a bhí an fear ag gabhail abhaile an oidhche sin casadh sean duine dall air agus chuimil an fear an driúcht ar a shúile agus chonnaic sé aríst. Ní rabh uisge glan ar bith ins an bhaile seo agus caitheadh na ndaoine a gabhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall