Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 265
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Caithfidh an gadaidhe a bhéith ar do dhruim." "O" arsan gadaidhe, "dubhairt tusa nach mbéadh rud ar bith agamsa le déanamh liom." "O" arsa Fionn "gheobhfaidh tusa dhá uair níos mó páighe ná duine ar bith eile." Chuaidh an gadaidhe ar dhruim Dreapaire Mac a Dreapaire agus chuaidh siad go dtí an teach. Nuair a tháinig siad go dtí an doras, chuaidh an gadaidhe isteach go dtí an teach agus thug sé an trí pháiste leis.
Chuaidh sé ar dhruim Slios Mac Slios agus nuair a bhí siad ag Fionn agus na fir bhí bád réidh acu. Chuaidh siad ar bord agus ní rabh siad i bhfad gur bhfacaidh siad an fáthach ag teacht. Léim Neart Mac Neart ar an bhád go bhfeiceadh sé an rabh sé laidir go leor.
Nuair a tháinig an fáthach comhgarach don bhád, bhuail Neart Mac Neart buile air an fháthach agus mharbhuigh sé é. Chuaidh siad abhaile go dtí an rí. Bhí an-áthas ar an rí agus bhí damhsa mór acu an oidhche sin.
Nuair a bhí Fionn ag gabhail a fhágail, chuir an rí ceist air, "Cén pháighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnseas Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall