Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 264
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thoisigh an fáthach ag tarraingt agus bomaite amháin, bhéadh Neart ag an doras, agus bomaite eile, bhí sé ag an doras.
Acht choinnigh Neart greim ar an láimh go dtí gur tharraing sé an láimh amach as an ghualainn. Chuir an fáthach lámh eile síos an simleoir agus thig sé an leanbh ar shiubhal. Chuaidh Fionn aus a chuid fear amach ar an doras. Bhí fhios ag Fios Mac Fios an áit a rabh an fáthach mó® ina chomhnuidhe. Nuair a bhí siad ag siubhal tamall maith tháinig siad go dtí an fhairrge. Rinn Slios Mac Slios bád. Chuaidh siad ar an bhád. Nuair a bhí siad tamall ar an bhád tháinig siad go dtí teach mór. Dubhairt Eolaidhe Mac Eolaidhe gurbh sin teach an fháthaigh agus go rabh na páistí ag caitheadh uisge ar a ghualainn.
Duine ar bith a bhí ag gabhail isteach go dtí an teach caitheadh siad gabhail suas córda síoda. Dubhairt Dreapaire Mac a Dreapaire go rachadh seisean suas an córda. "Ní dhéanaidh sin groithe go leor."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnseas Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall