Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní h-ionann na toighte a bhí déanta ins an t-sean am agus na toighte atá déanta anois. Bhí an chuid ba mhó acu uilig déanta de chlocha agus ceann tuigheadh ortha agus bhí lán comhair acu déanta de fhoda.
Bhí an teinidh i lár an urláir agus bhí poll i gceann an toigh a dteigheadh an toit amach air. Bhíodh seomra amháin ann a gcodluigheadh siad ann agus bhíodh i gcomhnuidhe leabaidh ins an chluid. Acht níor mhair na toighte foide i bhfad. Bhíodh an t-eallach agus na cearca ins an cheann eile de'n teach. Bhíodh na toighte déanta uilig ndeas dá chéile ar bhruach abhna nó da shruthain san dóigh nach mbeadh an t-uisge i bhfad le iomchar acu.
Agus is minic a bhíodh beirt nó triúr i gcomhair fán charn aoiligh amháin. Bhí doras ar na toighte agus bhí sé déanta de mhálaí mín bhuidhe