Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 27
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé O Baoighill ar an phairc. Taínigh fearg mhór air agus dubhairt sé go mbeadh sasamh aige, as O Brógan. D’eirighe sé go fad salach agus rínn sé a mbriochfeaste agus thug sé a deinear go dtí an chuibséann leis. Cuir sé fáilte mór roimh O Baoghill agus annsín thoisigh siad ag báint. Níor leigh O Brogán air fhéin go rabh fearg ar bith air acht d’iarr sé ar O Baoighill a gabhal isteach ins an t-sráith roimh. Níor chuir O Baoighill suimh ar bith ann agus chuaidh sé isteach roimh O Brogáin. Thoisigh siad ag baint, acht bhí O Brogáin igcomhnuidhe ag radh léis O Baoighill go rabh sé ina bhealach.
Thainíg fearg mór [air] ar O Baoighill agus d’iarr sé ar O Brogáin a ghabhal isteacht ins an t-sraith roimh. Bhí O Brogán, costarnocht acht bá chuma lé O Brogáin. Chuaidh O Brogáin isteach ins an t-sraith agus toisigh an bheirt ag báint. Acht b’éigin do O Brogáin pilleadh ina báile airist agus a bhroga a chuir air ar [eagl] eágla go mbáinfeadh O Baoighill na cosa dé. Tháinig sé ar [aréaf] agus báint siad leobhtha go dtí an tráthnóna. Báint siad cheithre chocaí móra déag, agus deireann na sean dáoine gur sín an spealadoireacht abh fearr a rinneadh ins an paróiste seó ariamh.- Bailitheoir
- Seán O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ardvally, Co. Dhún na nGall