Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 41
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal an bhothar lá 'mháin. Bhí asal aca. Dó bhuail triúr fear leo.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a bhaith ag maraidheacht ar an asal, agus gan aon truaigh a bheith aige dá bheirt mhac." Nuair a chualaidh an seanduine an chainnt seo, léim sé den asail, agus chuir sé an bheirt mhac ag marcaidheacht ar an t-asal. Bhí fear ag siubhal ar an bhóthar. Chais an fear seo ar na daoine a bhí ag marcaidheacht. "is mór an náire mar sin, agus é caithte críonna, ba chóir díbh é a chur ar an asal. Nuair a chualaidh na mic an chainnt sin, dubhairt siad le na -athair a dhul in airde ar an asal i gcuideacht leo fhéin, agus chuaidh sé suas. Ní rabh siad i bhfad ar an asal gur bhuail ceathrar fear leo. Nuair a chonnaic siad an ceathrar fear ag marcaidheacht ar an asal. Maise! féach ar sin mar obair ar seisean "an ceathrar fear mór láidir ar mhuineal an asail bhig." Nuair a chualaidh na fir an chainnt seo, léim siad den asal. Chuir siad an t-asal a ghuailnibh agus na fir ag gairdhe ortha. Nuair a bhí siad ag gabhail a bhaile, b'éigin daobhtha a gabhail treasna droichid. Nuair a bhí siad ag gabhail trasna rinn asal torman, bhí eagla ortha agus thuit an t-asal isteach ins an abhainn, agus baitheadh é, sul a rabh na fir abalta é a tharraingt amach.Eibhlí˜Ní Chinneidhe
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha- Bailitheoir
- Eiblín Ní Cinneidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall