Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 71
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina baintreabhach, agus bhí mac amháin aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)luighe ar an talamh go rabh eisteacht máith aige. Siubhail an triúir acu leo. Ní rabh ibhfad gur chas síad ar péire cósa, siubhail síad leath mhíle gur chas síad ar chorp siubhail an trúir acu leo ar feagh leath mhíle eile cáide chas síad air acht ceann. Dubhairt an fear mór laidir (leis) seo leisean fear eile gurbh é eisean an fhear bá mho dá bfacaidh sé ariamh.
D’iarr sé ar teacht go dtí teach na bainrioghna. An Samhraidh a bhí ann agus bhí sé an té ar fad. Ní rabh ibhfad gur chas síad ar fhear a bhí ag criath leis an teas. D’iarr an fear mór laidir ar an rabh sé tinn nó caidé bhí air. Ins an t-Samhraidh nuair a bhíod an teas ann bhí sé ar crioth leis an teas. Ins an geimhreadh nuair a bíod an sioc ann beadh seisean (ag) comh té sin go rabh allus ag tuitim de.
D’iarr síad ar theacht leobhtha go dtí teach na bainrioghna. Cuadh síad (go) isteach go dtí teach an bainrioghan. D’iarr an bhainrioghain ortha cé an áit a rábh siad ag gabhail. Dubhairt mac an baintreabhach go dteacaidh sé annseo ag cuartugadh inghean-sa. “Dubhairt an bhainrioghain go bfuigeadh sé í dá mbéadh sé abálta gabhail fríd an thriall. Dubhairt seisean go mbéadh abálta. Thug sá seacht chairt bidh do le h-ithe, agus seacht mbarraile fíon-dhearg do le hól roimh an dinneara, agus an bidh a béadh ithte aige roimh an dinneara.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Bhreisleain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seumais Ó Breisleain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall