Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 013
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Nuair a bhí Naomh Colmcille a imteacht as an ghleann shuidh sé síos ar thúrtóg shuas ar chnoc an Chaisil le na chuid bróg a chur air.
Nuair a bhí bróg agus stoca amhain air tháinic fear fhad leis agus dinnis sé dó go rabh an namhaid ag teacht. Le sin thoisigh sé ag reathaigh agus nuair a d'amharc sé ní rabh ach bróg agus stoca air.
Sheasaigh sé annsin agus thug sé a mhallacht ar duine ar bith a cuireadh bróga ar fhéin sul a gcuirfeadh sé na stocaí air, ar thus. An t-ainm atá ar an mallacht seo iseadh "Mallacht Colmcille".- Bailitheoir
- Máire Ní Niallghuis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Ard, Co. Dhún na nGall
- Nuair a bhí Colmcille ag togadh an tobair thiar i mBíofán chuir sé breac amháin agus eascon isteach ins an tobar.
Dubhairt sé annsin gur duine ar bith tchifeadh an breac go bhfuighfeadh sé bás roimhe bliadhan agus go rachaidh sé díreach 'na Flaithis. Deirtear gó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Niallghuis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Ard, Co. Dhún na nGall