Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i na comhnaidhe ar an Garbh-Ros am amháin. Oidhche amhain tháinic fear isteach ag iarraidh air gabhail chuig a teach fhéin no go rabh a bhó tinn agus go rabh sé fhéin ag gabhail chuig bhainfheis. Déirigh an fear agus chuaidh sé leis. Nuair a bhí siad tamall i na suidhe déirigh fear an toighe agus chuaidh sé go dtí an bhainfheis.
    Suidhe an fear eile ag coimheadh na bó. Bhí sé ghá choimheadh tamall nuair a tháinig girrfiadh isteach ar an doras agus chuaidh sí ag tarraingt bainne as an bhó, déirigh an fear agus cuir sé i amach. Táinig sí isteach ath-uair agus chuir sé carr ar an fhear. Chait an fear fód uirthí gur chuir sé amach í. Tháinig sí isteach an tríomhadh uair. Rug an fear ar a ghuna agus chuir sé píosa sé-phiginn isteach ann. Sgaoil sé an t-urchar agus bhuail sé an girrfiadh agus ar an bhomaithe d’éirigh sí suas i n-a bhean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Nic Giolla Easbuic
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Giolla Easbuic
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall