Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 046
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ins an bhogach amuigh i bparráiste Baile an Droichidh...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Thug an fear coimhthightheach a phaidrín fhéin dó agus bhí cnodanna an-mhór ortha. D’imtigh fear an bogaigh agus níor stad sé go dtáinic sé fhad leis an áit a rabh na daoine ag cruinniughadh agus léigh an sagart an t-Aifreann. Ní rabh aithne ar bith ag na daoine ar fear an bogaigh agus indiaidh an Aifreann d’fiafruigh an sagart dó cas a dtáinig sé.
D’innis an fear dó agus fa’n duine a tháinig aníos fhad leis agus a d’innis dó ca h-áit a mbéadh an t-Aifreann. “Nach Bréag an paidrin atá agat? Arsa an sagart agus d’innis an fear dó cá h-áit a bhfuair sé iad. Rug an sagart ar an phaidrin agus thuit siad i moll cnáimh. Ba é an diabhal a bhí ag cainnt leis an fear.- Bhí fear ina chomnuidhe i nGarbh Ros fád ó shoin agus bhí sé ag dul go Árd an Ratha le fircín ime le na dhiol, ach nuair a bhí sé ag dul suas ag na leachtaí casad fear dó a bhí ag marcuideacht ar mhuin beathaigh. Toisigh an bheirt aca ag comhrad agus sa deireadh daithin an fear a bhí ag dul go Árd an Ratha an fear eile agus bhí sé marbh le tamall fada.
Annsin dubhairt an fear marbh gur mhaith leis a theacht arais go mbéad comhradh aige leis agus “mur gcreideann tú mé ar seisean seo tad na méara a chaill mé ag iasgaireacht ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall