Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 048
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Fád ó shoin bhíodh capall ag achan fheirméoir agus d'fhagadh siad...”
(ar lean ón leathanach roimhe)[-](gan teideal)
“Bhí fear i na chomhnaidhe ar an ghleann seo uair...”
Bhí fear i na chomhnaidhe ins an Ghleann seo uair amháin agus bhí sé an-tugtha de’n airnéal. Ghléas sé a chapall tráthnóna amháin agus chuaidh sé amach go Mín an Chearrbhuidh a d’áirnéal. Nuair a bhí sé ag teacht isteach na leachtuidhe casadh fear air. Chuaidh an bheirt a comhradh le na chéile ach ní thiocfadh le fear an chapaill dhéanamh amach cá leis a rabh sé ag cainnt.
Tharraing an fear tréim ar an Phort agus ar an ghleas beo a bhí ag na daoine ann. D’innis fhear an chapaill do’n fhear eile an uile rud fa dtaobh d’en Phort. Sa deireadh chuir fear an chapaill [fairn ]? ar an fhear eile cor b’é é fhéin agus deir seisean, “[Mir ]? ag ainmniughadh a ainm agus ar seisean”, “Muna gcreideann tú mé sin an lámh ar baineadh barra na gcúig méir dé an oidhche a bhí mé fhéin agus tusa ag déanamh an phoitin. Bhuail fear an chapaill buille de’n larg ar an capall agus thug a aghaidh ar an bhaile.(gan teideal)
“Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh...”
Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh comhgarach do’n Phort ag déanamh poitín agus bhí an oidhche an - dorca agus ní rabh duine ar bith leis. Chaithead sé an chéad ghloine de’n phoitín ar siubhal do na sidheógaí achan oidhche acht ní dhearn sé é an oidhche seo.
San mheadhon-oidhche tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Fhionnlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall