Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tráthnóna leig sé air féin go raibh sé 'tabhairt suas agus sheasuigh sé ag bun crainn ag baint taca as.
Chrom sise le na sháthadh lena cuid adharc. Nuair a fuair Seán cromuighthe í tharraing sé a chlaidheamh agus bhain an ceann di.
Isteach leis annsin agus bhí an caisleán lán de ór agus seodaibh,rudaí a bhain siad a rithibh an domhain. Chonnaic sé an capall bréagh dubh amuigh ar an bhán agus nuair a bhí sé comhgharach ag an capall labhair an capall agus d'aitheann Seán gur b'é mac a ríogh.
D'fhiafruigh Seán dó caide bhainfeadh an draoidheacht dó agus dubhairt sé 'biadh an ghabhair bháin'. Bhí Seán anois, caillte, nó faoi an ádh ní raibh fhios aige caidé fuair beathach ar bith le hithe.Ag tionntú thart de chonnaic sé a mháthair féin ag tarraingt air, nó lean sí é. Bhí luthgháir an domhain uirri e fheiceáil beo. Sé an chéad cheist a chuir Seán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall