Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhuinneóig fá mo choinne agus béidh mise amuigh faoi an fhuinneóig agus tchídhfidh m[é] an t-éan ag gabhail amach agus nuair a mheasas mé go mbéidh faill ag an éan a bheith amuigh agus mise arais tiocfaidh mé isteach agus an t-éan seo faoi mo ascaill liom.
D'imthigh Seaghan amach, sheasuigh faoi an fhuinneóig agus ní raibh sé i bhfad go dtáinic na fir 'un toighe. Chuir siad ceist, an raibh Seaghan fá'n teach, ná cá raibh sé, go raibh gnoithe aca leis.
"Tá sé amuigh ar a' t-sliabh", ars' an t-sean-bhean, "ach ó thárla gnoithe agaibh leis cuirfidh mé amach an t-éan seo fá na choinne agus leig sé an t-éan amach ar an fhuinneóig. Chonnaic Seaghan an t-éan ag imtheacht agus fá chionn leath-uaire bhuail sé 'un toighe agus an t-éan faoi 'n-a ascaill leis.
Chuir Seaghan céad míle fáilte roimh na fir agus d'iarr orra suidhe suas i n-aice(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall