Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 364](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_364.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 364
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinic an rí leis an scéal seo, agus thoiligh sé leigint do'n bhuachaill troid i n-áit a mhic fhéin.
D'imthigh an bhuachaill annsin go h-ionad na troda agus sheasuigh an fód ar son mhic an ríogh. An chead fear a deachaidh sé a throid leis steall se an ceann de; rinn sé an cleas céadna leis an dara fear agus lean air go dtí gur bhain sé na cinn de'n chúigear aca, agus annsin bhí inghean an ríogh bainte aige.
Thug an buachaill aghaidh ar a' bhaile annsin agus d'innis do'n rígh agus d'á mhac caidé mar chuaidh an troid agus go raibh inghean an ríogh bainte aige do n-a chomhrádaidhe.
An oidhche sin bhí bhainfheis mhór le bheith aca mar bhí siad le pósadh ar maidín lá thar na mharach. Chuaidh an rí agus a mac 'un na bainfheise ach d'fhan an buachaill a throid ar son inghine an ríogh sa bhaile, indeoin go raibh cuireadh ag íseal agus uasal 'n-a bainfheise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall