Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 411
- XML “An Cailín Falsa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar maidín go dtéidhinn i luighe san oidhche agus leis an méid oibre a rinn mé chuaidh a raibh de fhuil ann mo chorp isteach ann mo chois agus sin an dóigh a bhfuair mé an chos iongantach mhór seo."
"Caidé 'n dóigh a bhfuair tusa an lámh mhór sin?" ar' seisean leis an mhnaoi a raibh an lámh mhóir uirri.
"Innseóchaidh mé sin duit", ar' sise, "Bhí mé pósta uair amháin agus leoga bhí droch fhear agam. B'éigean damh-sa bheith ag fígheadóireacht ó mhaidín go hoidhche agus le méid na hoibre chuaidh a raibh de fhuil ann mo chorp isteach ann mo láimh agus sin anois agat an dóigh a bhfuair mé an lámh mhór seo."
"Agus caidé an dóigh a bhfuair tusa an gaothsan mór sin?" ar' seisean le bean an ghaothsain mhóir.
"Bhí mé pósta uair amháin cosamhail leat fhéin indiu agus bhí droch fear agam", ar' sise. B'éigean damh-sa a bheith ag fuaghal ó mhaidín go hoidhche leis an bheirt againn a thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall