Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 449
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-seandhuine agus chuir an siosúr agus an giota éadaigh ann a phóca. D’imthigh an cailín agus an fear óg ‘un toighe agus mharbhuigh siad an sean-dhuine.
Ar maidín lá thar na bharach bhí a raibh de phéas fá’n áit ag an teach agus an triúr fear gaibhte aca. Níor leig an fear a bhí sa chruaich a ghach air fhéin ach imtheacht leis ag tarraingt ar a’ bhaile. Tháinic an oidhche air, ach mar sin féin shiubhail sé leis go raibh sé sa bhaile.
Nuair a chuaidh sé isteach ‘un toighe bhí a bhean agus a mhac ‘n-a luighe agus an teine cogailte aca. Tháinic fearg mhór air nuair a chonnaic sé an fear mór istigh nó shaoil sé gur phós a bhean arais.
Smaointigh sé ar an tríomhadh chomhairle a thug an fear uasal do - má thig fearg ort tarraing amach do phíopa agus caith é d’fhaduigh sé an teine, líon an píopa, lás é agus chaith sé a shaith. Mhuscail an bhean agus d’amharc sí amach agus nuair a chonnaic sí an fear ‘n-a shuidhe ag cathadh a phíopa agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caith Ní Gallcobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall