Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rud céadna a rinn an bheirt eile an chead lá. Nuair a chuaidh sí fhad leis an chaislean d’iarr sí ar na gasúraí gan a’n dhuine leigint isteach go dtiocfadh sise lá thar na bharach. D’imthigh sí leithe annsin agus thug sí leithe an cailín eile ‘na bhaile fosta.
Nuair a bhí siad sa bhaile d’iarr an bainríogháin ar an chailín a ghabhail amach leithe go dtí go bhfeicfeadh sí an raibh an leas inghean ag tabhairt an bhídh chuig na bochta agus dubhairt an cailín go raibh.
An tríomhadh lá cuireadh bean na dtrí súil leithe. Shiubhail siad leo giota mór fada gur casadh crann ubhall ortha. D’iarr an leas inghean ar an chailín ubhall a ithe, ubhall a bhaint, agus ubhall a thabhairt leithe, agus dubhairt sí nach dtabhairfeadh. D’imthigh siad leo giota eile gur casadh crann spionóg ortha. D’iarr sí uirri an rud céadna a dheanamh agus dubhairt sí nach ndeanfadh. Chuaidh siad giota eile ar aghaidh agus casadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall