Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Murchadh Beag agus Murchadh MórBhí Murchad Mór agus Mruchadh Beag amuigh ag baint sugh-craoibh lá amháin. Chuaidh Murchadh Beag suas go bárr an crainn. Chuaidh sé a ithe an tsugh-chraoibh. D'iarr Murchadh Mór ar cuid de'n tsugh-craoibh a chaitheamh anuas chuige.Chaith Murchadh Beag smug air agus dubhairt sé nach gcaithfeadh sé síos a thath chuige. D'imthigh Murchadh Mór fá choinne slaite a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith a chuid sugh-craoibh aréir. "Cá bhfuil tú ag gabhail" arsa an tslat. "Slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir" ar seisean. "Ní bhfuigidh tú mise" ars' an tslat, "go bhfuigh tú tuagh a ghearrfas mé". D'imthigh sé chuig an tuaigh. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" arsa an tuagh. "Tuagh a ghearrfas slat, a sciúrfas Murchadh Beag, a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhál, ní bhfuighidh tú mise" ars' an tuagh "go bhfuighidh tú cloch a líomhthas mé". D'imthigh sé chuig an chloich. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars' an chloch. "Cloch a líomhthas tuagh, a ghearrfas slat, a sciúrfas Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars' an chloch "go bhfuighidh tú uisce a nighfeas é". D'imthigh sé chuig an uisce. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars' an t-uisce. "Uisce a nighfeas cloch, a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars' an t-uisce "go bhfaghaidh tú fiadh a shnámhfas mé". D'imthigh sé chuig an fhiadh. "Cá bhfuil tú ag gabhail? ars' an fiadh. "Fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a .....(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall