Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an diabhal a bhí ann. Rinn sé a fhaire agus a chóireadh mar rinneadh le achan nduine ariamh agus bhí cead acu a sáith a ithe ó'n lá sin amach.
- Fear as an bhaile seo a bhí ann, agus ní rabh a dhath ar a intinn nuair a bhí sé na ghásúr ach obair fairrge. Bhí a shliocht air mar comh luath is thainic ann dó bhain sé an fhairrge amach. Chuaidh sé ar cheann de na doithigh móra a bhí ag seoladh amach fhad leis na tíortha cúil. Chuaidh blianta thart as ní rabh a thuairisc le fagháil. Ní rabh fagháil air beo na marbh. Cuid a deireadh gur báidhte a bhí sé agus cuid eile a deireadh go rabh sé pósta i dtír coimhthigheach. Ach leis an fhírinne a rádh agus a dhéanamh ní rabh fhios acu cá rabh sé ná níor chuir sé lá sgolb na sgéala chuig na mhuinntir ó'n lá a d'fhág sé Rann na Feirsde.
Mórán blianta na dhiaidh sin ar philleadh na bhaile dó i ndeireadh an lae bhí a mhuinntir uilig ar shluagh na marbh. Ní rabh fá na choinne ach ballaí fuara folamha. Chuaidh sé a...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Gairbhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall