Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Focla agus Sean Ráidhte
28adh lá Márta 19381. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é
2. Ní buan cogadh na gcarad
3. An té nach bhfuil ciall aige bheirfidh an saoghal ciall dó
4. Nior dhruid Dia doras amháin nár fhoscail sé ceann eile.
5. Indiaidh na mionnaí is iad na mná is fearr
6. In furast fuinneadh in aice na teineadh
7. Is maol gualainn gan dearbhbhráthair.
8. Nuair a bhíos an cat ar shiubhal bíonn cead rith an na luchógaí.
9. Is trom cearc i bhfad.
10. Is iomdha duine ariamh a bhain slat a sciúr é féin
11. Is giorra cabhair Dé ná'n doras.
12. Na creid fiadh is na creid fiannóg?, is na creid briathra mná. Má's mall ná luath a éireóchas an ghrian is má's toil le Dia a bhéas an lá.
13. Sháirigh ar an laoiseach ariamh muir agus tír a fhreastail.
14. Is fearr go mall ná go bráth.
15. Faghann na ba bád fhad agus bhíos an féar ag fás.
16. Ballaí fuara a gnidhead bean toighe suarach
17. Is fusa a rádh ach is doiligh a dhéanamh
18. Ní h-é lá na gaoithe lá na scoilb.
19. Is fearr cara sa chúirt ná bonn sa sparan
20. Bíonn an fhírinne searbh i n-amannaí ach is í is fearr i gcomhnuidhe
21. Is minic a bhain seangan léim as gearan17. Is fusa a rádh ná a dheanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)