Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an ghabha a mhac a bheith aige araist. An lá na dhiaidh sin d'imthigh an gasúr agus ingean an ríogh agus chuaidh an gabha leo. Níor stad an triút acu go rabh siad thall i Sasain afys bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go lá a mbáis.
- Bhí beirt dearbhrathrach ar an bhaile seo uair amháin, darbh' ainm Conall agus Pádraic. Lá amháin dubhairt Conall le Pádraic go rabh sé ag imtheacht 'un oileáin úir. Dubhairt Pádraic leis go mbeádh sé féin leis. Dubhairt Conall leis gurbh fhearr dó fanacht sa bhaile ag na athair agus ag na mháthair. D'imthigh Conall agus d'fhan Pádraic sa bhaile. Níor chualthas lá iomráidh air ó'n lá a d'imthigh sé go bhfuair a athair agus a mháthair bás. Annsin dhíol Pádraic an teach agus an áit agus d'imthigh sé 'un Oileain Úir.
Ba é Conall an chead duine a chonnaic sé ar an bhaile mhór agus hata mór dubh síoda air agus fear uasal leis. Chuaidh Pádraic fhad le Conall agus chuir sé ceist in ar aithin sé é. Dubhairt Conall gur aithin agus chuir sé fáilte mhór roimhe. Annsin d'iarr Conall air a ghabhail leisean agus leis an fhear uasal agus go bhfuigheadh siad lóistín dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall