Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Rí agus a Thriúr Mac
19adh lá Márta 1938------------------------Bhí bean agus fear ann fad ó shoin agus bhí triúr mac acu. Peadar a bhí ar an fhear a b'óige agus deirfeadh an t-athair i gcomhnuidhe go rabh sé amaideach. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an fhear a ba sine imtheacht amach na coilleadh agus adhmad a ghearradh. THug an mháthair lón bídh dó agus d'imthigh sé. Nuair a bhí sé ag gabháil fríd an choillidh casadh fear beah de a rabh ocras agus tart air. D'iarr an fear beag greim de'n bhiadh air ach dubhairt an fear eile go rabh sé gann go leor aige fhéin agus gur bheag a bhéadh le déanamh aige an lón a roinnt air-sin agus annsin é fhéin a bheith folamh an chuid eile de'n lá. D'imthigh an fear beag leis agus thoisigh an fear eile a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí sé ag gearradh na gcrann d'imthigh an chos as an tuaigh, briseadh a sciathan agus ní rabh ann ach go bhfuair sé na bhaile.
An dara lá chuaidh an fear eile na coilleadh agus casadh an fear beag céadhna air. D'iarr sé cuid de'n bhiadh air ach dhúiltaigh sé é mar a rinn an dearbhrathair eile. Thoisigh sé a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí ceann de na crainn chomhair bainte aige thuit an crann i na éadan agus stealladh an cárr as. Bhí sé iongantach nimhneach agus ní rabh ann ach go bhfuair sé na bhaile.
An tríomhadh lá dubhairt Peadar an fear a b'óige go raibh seisean ag gabháil na coilleadh a....(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall