Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 59
- XML “Mac an Iascaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mac an Iascaire (Lá Fhéil Pádraic 1938)Bhí lánamhain ann ibhfad ó shoin agus bhí siad iongantach bocht. Bhíodh an fear ag iascaireacht agus sin an gléad beatha bhíodh acu ó bhliain go bliain. Lá amháin i ndeireadh an Fhoghmhair bhí sé amuigh le na bhád beag ag cur eangach nuair a chonnaic sé chuige an bád caol dubh. Dar leis féin go mbéadh sé deas do'n chladach ar eagla na h-eagla.
Nuair a bhí sí fá ghiota dó d'aithin sé nach rabh ar bórd uirthi ach cailín óg. Labhair sí leis go caoidheamhail agus ar sise "An bhfuil aon teaghlach agat?". "Níl" ar seisean, ach ba mhaith lom dá mbéadh". "Bhál" ar sise "beidh mac agat ach caithfidh tú thabhairt damh-sa agus bhearfaidh mé oireadh airgid duit agus chongbhóchas beo tú a choidhche". Líon sí malaí óir dó agus annsin d'imthigh sé leis na bhaile.
Bliain ón lá sin bhí mac óg ag a mhnaoi. Thannic an bhean ghlas, sin an t-ainm a bhí uirthi, fá choinne an mhic. Bhí brón mór ar an athair ag sgaradh le na mhac ach mar sin fhéin níor mhaith leis an geall a bhriseadh. THug an bhean ghlas léithe é go dtí an caisleán a bhí aici ar thóin na fairrge agus thóg sí é go rabh sé na ghasúr mhór. Theagasc sí achan chineal dó agus d'fhoghluim só an dóigh leis an bhád a sheoladh. Sa deireadh bhí sé comh h-eolach ar an bhád agus go rabh sé fhéin ábalta a h-oibriú.
Lá amháin thainic sé isteach agus bhí an bhean ghlas na luighe na codladh ins an tseomra. Dar leis gur dheas í. Chrom sé anuas agus thug sé póg díthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micí Mac Pháidín
- Ainmneacha eile
- Micí Mac Pháidín
- Micí (Paidí) Mac Pháidín (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall