Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Feidhlimidh Cam agus Maol MhuireBhí fear ann fad ó shoin ar bh'ainm dó Maol Mhuire agus bhí sé 'na thaoiseach ins na Tuatha. Bhí dúithche talaimh aige agus ní leigfeadh sé do dhuine ar bith seilg ar an talamh ach é féin agus a chuid mac. Bhí fear eile na chomhnuighe ag na thaoibh ar bh'ainm dó Feidhlimidh Cam. Ba ghnáthach leisean a bheith ag seilg ar chuid talaimh Mhaol Mhuire. Lá amháin thainic Maol Mhuire agus rinn sé príosúnach de ar Oilean Thoraigh. D'fhág sé cupla fear agus a mhac féin ar ghárda. Oidhche amháin chuaidh Feidhlimidh Cam go Toraigh agus chuaidh sé go dtí an bhóthóg a rabh a mhac ann. Rinn sé poll ins an cheann agus chuaidh sé isteach. Ní bhéadh bróga ar bith ar na fir ins an tsean aimsir. Bhí sé ladhara ar mhac Fheidhlimidh Cam. Leag sé a lámh ar chosa na bhfear go dtí go dtáinic sé fhad le na mhac féin agus thóg sé é. Annsin chuir sé bréid thart ar bhéal mhac Mhaol Mhuire agus thug sé leis é. Bhí cras mhór ar chadach Ghabhla agus chroch sé mac Mhaol Mhuire uirthi, an áit a dtugtar Cladach na Croiche air go fóill. Annsin d'imthigh sé féin agus a mhac i gcurrach. D'imthighan mac na bhaile agus d'imthigh Feidhlimidh Cam go h-Ailt an Chorráin. Shiubhail sé leis go dtáinic sé go Sligeach. Chuaidh sé ar bhórd luinge annsin agus nuair a bhí an soitheach réidh le h-imeacht ón chéidh chonnaic...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Ainmneacha eile
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall