Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 33
- XML “Iníon an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ingean an Ríogh
14adh lá Márta 1938Bhí ann fad ó shoin agus bhí beirt ingeanach aige. Bhí bean acu míofur agus bhí an bhean eile dóigheamhail. Bhí sé go h-iongantach maith do'n bhean a bhí dóigheamhail agus dubhairt sé nach bhfuigheadh fear ar bith le pósadh í ach an fear a bhéarfadh a trom féin d'ór uirthi.
Chualaidh stócach a bhí na chomhnuidhe fá chupla míle daobhtha caidé mar bhí. Dhíol sé iomlán a chuid maoin saoghalta, an teach agus an talamh. Chuaidh sé chuig cléireach bainnc a bhí na chomhnuidhe fá ghiota daobhtha agus d'iarr sé air ór a thabhairt dó ar an airgead. Fuair ach bhí sé sé phunnta gann sa mheadhchon. Bhí sé iongantach buadhartha agus d'innis sé do'n chléireach caidé an gnaithe a bhí aige leis an ór. Dubhairt an cléireach go dtabharfadh sé sé punnta óir dó go cionn bliadhna agus mar mbéadh sé ábalta an t-ór a dhíol i gcionn na bliadhna go gcaithfeadh sé sé phunnta feola a ghearradh as a dhá thaoibh. Rinn siad an margadh agus d'imthigh an stóchach leis go teach an ríogh.
Nuair a chuaidh sé go teach an ríogh d'fhiafruigh sé de'n rígh an bhfuigheadh sé an ingean le pósadh. Dubhairt an rí go rabh eagla air nach rabh sé saidhbhir go leor. Tugadh isteach é agus fuarthas béim. Cuireadh an cailín ar thaoibh amháin de'n bhéim agus cuireadh an t-ór ar an taobh eile. Bhí an t-ór comh trom leis an cailin agus fuair sé an cailín le pósadh.
D'imthigh sé agus fuair sé teach díthe ins an bhaile mhór a ba deise dóbhtha. Thainic a uncail na...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Ainmneacha eile
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall