Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 214](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1072%2FCBES_1072_214.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 214
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 214
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí baintreabhach ann am amhain darbh ainm di Eilis ags bhí mac aicí darbh ainm dó Pádraig. Bhí bean déirce ag gabhail thart ins an am agus bheirfeadh sí ruaig ar theach Eilis go minic, agus bhí sí tuirseach leithe ins an deireadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhí Pádraig a dtabhairt chuici.
" Ar fhag sí a dhath eile a Phadraig" arsa Meabha.
" D'fag leoga arsa Pádraig. An sgiorta maith dearg s'aicí a tcí tú ag tóin na leabtha."
" Sin uilig anois", arsa Pádraig.
Bhí mathair Phádraig ag eisteacht leis an chomhradh uilig agus í thíos ins an t-seomra, agus comh luath géar agus cualaidh sí fa'n sgiorta mhaith dearg, léim sí aníos as an t-seomra agus arsa sise:-
"Dheamhan greim de mó chóta maith dearg a théid suas ar dó mhásaí buidhe go brath.
Thoisigh Meabha annsin ar a cuid malacht, agus thug sí teangaidh ghéar do Phádraig.
D'imthigh sí annsin agus níor chualaidh Eilis nó Pádraig iomradh uirthí ó sin amach.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Aoidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall