Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 215
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí baintreabhach ann aon uair ámhain 7 bhí beirt mhac aige. Bhí sé le pósadh ar chailín eile acht chaith sí suas é.”
Bhí baintreabhach ann aon uair ámhain agus bhí beirt mhac aige. Bhí sé le posadh ar chailín eile acht chaith sí suas é Lá amhain chuir sé na paistí amach 'un a' coilleadh a cruinneadh cnípíní. Nuair a bhí na paistí amuigh san coillidh, chonaic siad an t-éan beag a ba lugha agus a ba dheise a chonnaic siad ariamh, agus achan áit a rachadh siad san leanfadh an t-éan iad. Chuir siad thart an lá mar sin go dtí go dtáinic an oidhche.
Chuaidh an bheirt acu 'na bhaile chuig an athair agus ní rabh cnípíní ar bith léobhtha. Nuair a tháinic an t-áthair seo bhí fearg mhór ar. Bhuail sé iad ar dtús agus annsin chuir sé a luighe iad in a dtrosgadh. Ar maidin lá thar bharach nuair a d'éirigh siad, chuir sé amach iad 'un na coilleadh a chruinneadh an rud ceadna. Nuair a chuaidh na paistí amach, chonnaic siad an t-éan beag ceudna a chonnaic siad an lá roimh réidh. Ní rabh áit ar bith a rachadh siad-san, bhí an t-éan na ndiaidh, agus sa deireadh d'fhan sé leo go bhfuair siad greim air. Annsin d'imthigh na paistí 'na bhaile agus an t-éan leo.
Nuair a thug siad an t-éan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Éarcain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall