Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 152
- XML “Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul:
OisínA bhfad ó shoin bhí fear dár ainm Oisín i n-a chomhnaidh fa ghiota dén fhairrge a d-Tír na h-Óige. Bhí sé i n-a fhear mhaith agus lá amháin bhí sé amuigh le slat agus ruam a iasgaireacht i m-bád. Caidé a tharluigh sé breith ar an ghliomach mhór. Smaoinigh[?] sé i n-a intín fhein go mór an truaighe do an gliomach seo a mharbhath agus go n-deanadh seort ar bith éisg seisean.
Leig sé amach an glumach aríst ins an uisce. Le sin bhual codladh mór é agus thuit sé i n-a chodhladh ins an bhád na bá é lá te Samhraidh a bhí ann. Nuair a mhusgail sé fuair sé cailín óg i n-a suidhe le na thaoibh ins an bhád. Dubhairt sí lei gurab í ise an t-iasg a chaith sé amhach tá tamaill beag ó shoin gur chuir a h-athair ise annseo le feiceal cé aca a bhí sé maith nó olc.
Tcím anois go bhfuil tú nádara agus chur m-athair mise annseo le thú a phosadh má bá mhión leat é agus béidh muid beó go pléisiúrdha ar feadh míle bliadhain ar an taoibh eile de na tonna i d-Tír na h-Óige. Leis na focla seo thug Oisín leis rámha agus an cailín óg léithe rámha eile. Sheol siad leo go d-táinic siad a fhad leis an áit a rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighréad Ní Chongail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall