Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “An Gasúr ag Foghlaim Gadaíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear agus an Mac a bhí ina Ghaduidhe
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ag obair 'san bhaile mhór. Rachfadh a mhac 'acha'n lá leis an dinnéar chuige. Achan lá a rachfadh sé bhí rud inteacht 'un an bhaile leis, gaibhlóg lá, sgian lá eile agus spáin lá eile. Sa deireadh dubhairt an fear go gcaithfeadh sé an gasúr a chur ar shiubhal go bhfoghlamochadh sé an dóigh a bhéadh sé i na ghaduidhe. Tháinic beirt gaduide oidhche amháin fá na choinne. Chuaidh an gasúr leo.
    Shiubhal an triúr leo go dtáinic siad fhad le teach. D'iarr siad ar an gasúr a ghabhail isteach agus dubhairt an gasúr nach rabh sé ábalta sin a deanamh. Annsin chuir siad rópa thart ar an gasúr agus chuaidh siad suas ar an toigh agus chuir siad an gasúr síos an simleár, agus chruinnigh sé an méid airgid a thiochfadh leis a fheiceal. D'iarr an bheirt a bhí thuas air an t-airgead a chur isteach i mala, an mala a cheangail ar an rópa agus é a chur suas chuca. Annsin nuair a bhí an t-airgead thuas go gcuirfeadh siad síos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eilís Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall