Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola”
  4. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Eanair 3ú 1889”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cogadh na Talmhan
    An Cur Amach i g-Cloich Cheannfhaolaidh.
    Tamall i na dhiaidh seo thosuigh na billí leis na daoinibh a chur amach. Tugadh go d-tí an Chúirt iad; ní dheachaidh na daoine ann. Díbrigheadh iad as a g-cuid toighthe. Thainic an báillí, agus thug leis a lán ainmhidhtí, idir eallach agus capaill. D'órduigheadh do na tionóntaí nach d-tearn socrú leis an tighearna a dhul amach acht bhí spás sé mhí go fóill aca mar "caretakers" ar a g-cuid toighthe feín le déagh-mhéinn an tighearna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Eanair 3adh, 1889
    Cuireadh tús ar an chur amach ar an dáta seo. Badh le Pádraic Ó Domhnaill an teach:eisean do bhí le cur amach an chéad duine. Thainic 100 cloigne de Scottish Rifles go teach na m-bocht i nDún Fionnachaidh trí lá roimh an chéad lá de'n bhliadhain úr. Sé sin 1.1.1889. mar sin de bhí siad ann ar an 29.12.1888. Thainic siad a fad le Droichead an Fháildaraighe, agus bhí an droichead seo leagtha rompa. Thainic siad annsin bealach eile ó Dhúnfionnachaidh-fríd polla 'Chuinín, agus bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mághnus Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall