Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean sgoil ann aon uair amháin thíos ar an Mhágh Ruadh. Sé an áit a bhí sí thíos ar i dteach Dhomhoill Úi Ghallachobhair. Tá sé thar 90 mbliadhain ó bhí an scoil sin ann.Sé an t-ainm a bhí ar an mhaighistir Maighistear O Dubhgáin. San oidhche a bhí sé ag teasgasg. Cá rabh suidheacháin ar bith ag na daoinibh. Shuidheadh siad ar an urlár agus shuidheadh an maighisthir ar chloic mhóir. Bhí na scoláirí agus an mhaighistir fá thuairm seactmhaine in achan bhaile.Sglátaí a bhí aca fá coinne cóipleabhair agus giota de sglátaí a bhí aca le sgriobhadh air. Bhí léigheamh béarla aca agus rud beag airimh. Chá rabh siad ag labhairt Gaedhlig an t-am sin. Sé an luach a bhí ar na peann luaidhe 1/2 d an ceann. Bhí siad ag foghluim Teagasg Críostaighe ann Da Domhnaigh. Siad na scoláirí a dhiolfadh an mhaighistir achan seachtmhain. Chá rabh ainm ar bith ar an scoil sin.
Seanchaidhe:
Eibhlín Ní Ghallchobhair.
Magh Ruadh
DúnfionnachaidhAois: 90 bliadhain (nó mar sin)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 90
- Seoladh
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall