Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Eas Fhionáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Am amháin nuair a bhí Colmcille ag rádh a chuid urnaighe agus ag léig'eadh a phortus comgarach ag an fhairrge ós coinne Toraigh; ag an phort fá choinne Toraighe amach; Thainic thart mór ar shagart óg a bhí in a chuideachta, agus cia bhí ins an chléireach óg seo acht Naomh Fíonáin. Agus ní rabh uisce ar bith comhgarach aca, acht an tsáile.
    Nuair a chonnaic Colmcille goidé mar bhí, agus go rabh Fionán comhair a bheith ag bárr de dhíoghbháil uisce, bhuail sé trí bhuille le n-a bhata ar an charraig do bhí ós a choinne, agus thainic trí srutháin uisce as an charraig, ar an bhomaite, sa chrúth gur baineadh an tart de'n Naomh.
    Tá na trí srutháín sin ag teacht as an charraig go dtí an lá indiu, cosamhail leis an lá sin, agus bíonn miorbhuiltí ins an uisce, agus tá léigheas ann do go leór accídeach, mar laige, tinneas corp, meath, pian na g-cnámh, claoidhteacht.
    An chéád luain i Mí na Lughnasa, agus Lá Fhéile Muire fá Lughnasa, agus Lá Fhéile Mhuire fá'n Fhoghmhar is mó a bíonns daoine ag deanamh an turais go h-Eas Fionáin. Mná agus páisdí is mó a bhíos ag dul ann anois ar na laethe seo. Théid na sean fhir fosta. Téidhtear ann go minic ar na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Congaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séumas Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall