Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 147
- XML “Saibhreas i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saibhreas i bhfolach
An áit a bhfuil saidhbhreas atá mé ag gabhail a thracht air i bhfolach [s]é ar "Caiseal", Se sin cnoc árd atá ins na Dúnaibh. Deir na sean daoine gur na sidheogaí a chuir annsin é fad ó shoin agus go bhfuil sé síos tuairim fiche troigh faoi'n talamh agus go bhfuil cat mór fiadhanta [su]idhe ag coimhead an t-saidhbhris i gcomhnuidhe. Deir na daoine gur astoigh i bpóta óir atá sé. Nuair a tháinig na Lochlannaigh go h-Éirinn [t]áinig cuid acu i dtír ag céidhe na nDúnaibh agus thóg siad cáisleán ar chnóc Chaisil. Tá bealach ag teacht anuas ó'n chaisleán agus chualaidh [s]iad go rabh póta óir i bhfolach ins an bhealach [s]eo. Thug siad leo piocoidí agus sluaiste agus [c]uaidh siad amach. Romhair siad an talamh [ui]lig agus cha dtáinig siad ar an phóta. D'éirigh siad tuirseach nuair a tháinig an óidhche agus[c]uaidh siad isteach 'na' chaisleáin agus cuaidh [s]iad a luighe. Tháinig fear eile amach annsin [a]gus nuair a bhí sé amuigh tamall beag chonnaic [s]é an t-ainmhidhe mór fiadhanta ag tarraingt [a]ir, agus thug sé iarraidh téitheadh, acht léim [a]n cat air agus dhiúil sé a chuid fola. [N]uair a bhí an ghrian ag eírghe ar máidín [b]í siad amuigh aráist agus nuair a chónnáic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall