Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 271
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna.Tá léar luibheann le fhaghail thart fa’n áit seo. Tá luibheanna agus ní fhasann siad acht cór uair, nuair atá an talamh maith, agus tá rudaí eile ann nac bfhasann acht in n-droch thalamh. An cuid a fhasann ins an droch thalamh gnidheann siad an talamh bocht, agus an chuid a fhasann i d-talamh maith beidh an barr uilig millte. Tá siad ag fás gach áit fríd na cuibhrinn ag milleadh an bháirr ar na daoine. Tá luibheanna ann agus tá siad maith [lei]? an feabhras a chur ar siubhal. Se bachrann an t-ainm atá air. Nuair atá sé bainnte, caithfidh tú iad a nidhe agus iad a bhruith le siud beag uisge fuar ortha. Caithfidh siad a bhéith ag bruith ar feadh cupla uair, agus annsin caithfid tú é a thógail amach agus an subh a chur isteach i mbuideal. Nuair atá an subh fuar, thig leat an subh a ól gach maidín agus beidh biseach ar an fheabhras. Fásann luistearnach fríd na préataí agus pluchann sé na préataí uilig agus annsin labhann siad agus ní bhíonn tú ábalta iad a ithe. Tá luibh eile ag fás ins na cuibhrinn a dtugtar gairleog air agus gnidheann sé maith dón talamh agus fosta tá an luibh seo iongantach maith fá choinne biseach a dheanadh de’n t-slaghdan. Tá luibh eile a dtugtar crotal air agus tá sé iongantach maith fá coinne dat a chur ar éadach. Tá sé le faghail ag fás ins na lochlannaí. Tá ceann eile a dtugtar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Nic Giolla Bhrighde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall