Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 239
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht siubhail.Tá léar lucht siubhail ag gabhaíl tart. Bíonn siad ag iarraidh déirce, agus bíonn cuid eile ag díol agus ag iarraidh déirce fosta. Glacann an chuid a bhíonn ag cruinniughadh bainne agus pighineacha agus uibheacha fosta. Bíonn an mhuinntir a bhíonn ag díol. Díolann siad éadach agus sópa agus léar rudaí eile. Bíonn fáilte mhór rompa nuair nach dtig siad ró mhinic, ach má bhíonn siad ag teacht go minic ní bhíonn mórán fáilte rompa ar chor ar bith. Ní bhíonn siad uilig ag siubhail. Bíonn cuid aca agus bíonn asail leo agus bíonn cuid eile agus bíonn trucail agus caiple leó. Bíonn cuid aca agus bíonn siad ag ceol amhran, agus cuid eile ag innse sgéaltaí. Bíonn cuid eile ag ceól amhrain mhionnaigh móra. Gheibheann siad lóistín ins na toighthe agus an teach nach bhfuighidh siad lóistín ann ní bíonn siad leath shasta leis na daoine sin.
Bíonn cuid eile, agus mar bhfuighidh siad loistín bhéireann siad [ramas]? mionnaigh móra ar na daoine sin. Tá cuid mhor aca ann agus bíonn siad uilig amuigh ag siubhail ag iarraidh déirce agus ag díol rudaí beaga. Bíonn Seán Ó Ruairc ag gabhail thart agus bíonn sé ag (gabhail) díol éadaigh. Bíonn an t-éadach istoigh i sac aige agus an sac ar a ghualainn leis. Tá Seán Mac Ruaidhrí agus a bhean agus a thrí páistí leo ag gabhail tharth. Ní bhíonn siad sá’n ag díol earraidh ar bith acht ag iarraidh déirce. Tá fear eile ag gabhail thart a dtabhrann siad “handsome Paddy” air agus ma gheibh sé pighinn ceolaidh sé ceithre amhran. Tugeann Donnchadh Bonar thart agus bíonn sé ag iarraidh déirce agus tigeann go leor eile thart fosta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Marcus Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall