Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 242
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht siubhail.Thig lucht siubhail thart go minic. Bíonn earraidh aca le díol agus bíonn cuid aca ag díol éaduigh. Seán Ó Ruairc, bíonn sé ag díol éadaigh. Padraig Ó h-Oireachtaigh, Proinnsias Mac Giolla Bhrighde, Niall an Phandaí, Peadar na n-ubhlaí, Brighid na Mallacht, Nóra an t-Síoda, Padraig Leagan, Seán a Mheadair, Donnchad Bonar, Eamonn Ó Annluain, Brian Báirneach, agus Neansaigh na gCreathneach, seo iad ainmeacha na n-daoine a thiocfadh thart i bhfad ó shóin. Bhéadh Seán Ó Ruairc ag díol éadaigh agus chaithfeadh sé oidhche annseo agus ann-siud fríd an áit.
Bhí Peadar Ó h-Oireachtaigh maith ag innse sgéalta agus an teach a bhéadh sé ag codladh ann thiocfadh na daoine uilig isteach a d’éisteacht leis. Bá ghnathach le Pádraig capall a bheith a bheith leis agus an teach lóistín a bhéadh sé ann, bhéadh sé ag cainnt le fear a’ toighe fá chaiphlí agus ag moladh a capall féin. Bhéadh Niall ag díol pandaí agus annsin tugadh Niall an Phandaí air. Bhéadh Peadar ag gabhail thart ag díol ubhlaí agus bheadh capall leis agus trucail agus sin an fáth ar baisteadh an t-ainm sin air.
Thiocfadh Brighid thart go minic agus ní rabh fáilte rompa agus bheireadh sí mallacht ar lucht a’ toighe agus tugadh Brighid na Mallacht uirtí. Bheadh Nóra ag díol síoda agus tugadh Nora an Síoda uirtí. Thiocfadh Pádraig thart agus chuirfead sé ceist ar na daoine an bhfacadh siad bó thart áit ar bith. D’ólfeadh Seán an phighinn dheirinneach de a chuid (dheir) airgid agus bhéadh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall