Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 204
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- :éighiseannaGalair Léighiseanna
Déideadh= Frog a chur s'an bhéal agus trí sgréad a bhaint aisti, nó fiacal a tharraingt a's duine marbh.
Gortughadh = Slátacha talaimh a bhruith agus an sugh a ól
Pianta = ola feámnaighe a chuimilt ar an áit a bhfuil na pianta.
Triúch = Báine ásail a ól.
Brúicthchíneach = Sugh neantóige a ól.
Faithinne = Uisge gan smaoiteadh a t-chífea i gcarraic, agus an t-uisge a chuimilt trí uaire ar na fáithinní.
Galair leicne = Duine de do chíneadh adhastar a chuir ort, agus tú a thabhairt go dtí tobair agus trí dheoch a ól
Beál nimhneach = duine nach bhfacaidh a athair ariamh, a theacht trí l indiaidh a chéile, agus a anal a shéideadh isteach i mbeál an duine a bhfuil an galar ar.
An Ruadh : Thig le duine an léigheas seo a thabhairt do dhoine eile. An duine a mbiónn an Ruadh aca agus ghnídheann duine léigheas dó, béidh an léigheas ag an duine a rabh sé air. Caithfidh an duine a bhéas ag déanamh an léighis teacht trí tráthnóna indiaidh luighe gréine agus criafóg a fhághaíl, agus é a cráitheadh ar an duine tinn, agus fósta caithfeadh muintir an toíghe im a fhaghail ó thriúr d'é'n chíneadh amháin agus é a chuir igclaidhe, nuair a léighis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall