Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 263
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cluicí.Bíonn cuid mhór cluicí againn ins an bhaile. Bíonn muid ag imirt tig agus sé an doig a n-abrann muid é, P I G Pig, you are the tig. Cluiche eile a bhíonn muid ag imirt liathróid. Bíonn muid ag déanamh fir sneachta agus ag caitheamh sneachta ar a chéile sa’n Gheimhreadh. Ins an oidhche nuair a bhíonn muid astoigh linn féin bíonn muid ag imirt cleasanna beaga agus sé an cleas is mó a bhíonn muid ag imirt “maide briste iarainn” cait cait an óla fola fip maca an nidh maca maca an nad drán drán na cláirsighe Éicí Béicí tall sa bhfos crup isteac an fhidéog. Bíonn muid ag déanamh dallóg, fosta agus bíonn spórt mór againn. Bíónn cúpla gasúr againn ann agus bíonn duine agus a gcuid súl druidhte aige, annsin imthigheann an chuid eíle a bhfolach ort agus ce bith an cead duine a gheobaidh tú greim air caitheadh sé a chuid súl a dhruid agus bíonn muid ar an dóigh sin go dtí go mbíonn muid reidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Canainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall