School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 090
- XML “Leighiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Créachta - Caor aitinne a bhruith agus an subh a ól.Fiabhras - Bhí bean ins an Bhaile-Úr agus bá gnáthach leithí Fiabhras Croidhe a leigheas. Bhí cupa min choirce aici agus bhí giota de shreangan aici. Ghnidheadh sí rud éiginteacht leis an mhin agus deireadh sí cúpla focla agus annsin gheibheadh an duine biseach.Teine Aghaidhe - Thiocfadh le duine teine aghaidhe a leigheas mar seo. Da mba é an sloinneadh amháin an t-athair agus an mháhair sul a bpósfaidhe iad thiocfadh le na mac a ainm a sgríobhadh roimh an tine aghaidhe agus chuireadh sin biseach air. Da gcuimleóchadh duine spideóg ar an teine aghaidhe geibheadh sé biseach.Faithne - Gheibheadh duine biseach ar fhaithne da sgríobhadh sé a ainm ar giota de pháípéir agus cuid de fhuil an fhaithne a chur ar an páipéar; gheibeadh sé fhéín biseach annsin dá gcaitheadh sé an páípéár ar shiubhal. Sleamhnán - Naoi ngiotaí de thom gróiseóíge a bhaint. Bárr an chead ochtar a chur ar an t-sleamhnán agus an cheann eile a chaitheadh ar shiubhal.Neascoidí - Sopa agus siuchra, bagún, Arán geal a chur in uisge te agus an t-arán a chur síos ar na neascoidí.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Bheaglaoich
- Gender
- Female
- Address
- Seanach, Co. Dhún na nGall