Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 015
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Freagra:- Iolar a bhi ar lorg bidhe agus fuair sí mar d'fhág sí an chat sa nead agus d'imthigh sí fhéin. D'ith an chat na h-éanacha óga agus thainic sí abhaile.Caidé chuireanns tú i mbarraile le é a dheanamh níos éadtroma?
Freagra:– Poll.Bíonn sé sa mhóinfear agus ní bhaintear é, bíonn sé sa t-siopa agus ní dhíoltar é?
Freagra:- Solus na gréine.Rith mé agus fuair mé é, chuartuigh mé agus ní fhuair mé é, dá bhfághainn é ní thabhairfinn liom é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é?
Freagra:- Dealg.Thainic sé isteach ar ghualnaibh daoine agus chuaidh sé amach mar shnáithín síoda?
Freagra:- Móin.Tchím-sa é agus ní fheiceann tusa é agus is giorra duit-se é nó damhsa?
Freagra:- Cúl do chinn.- Bailitheoir
- Anna Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall