Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 020
- XML “Maide Crochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins na sean toighthe fad ó shoin bhíodh na maidí crochta.
Bheirfidhe an maide crochta ar an slabhradh a bhí crochta anuas an tsimléir agus crochuidh crochta ar a cheann cun na potaí srl a chongbhailt i náirde ós cionn na teineadh.
Acht i dteach éigin ar na 'Cruacha' tá maide crochta eile i núsaid go fóill.
Stacán giúise a tógadh as an phortach - spíocacha as ag taisbeant cá rabh na géagacha lá agus an áit na rabh aon cheann aca seo, gearradh amach ceann air.
Crochadh é seo ó'n chúpla nó ó'n taobhán agus ó tharlaidh na rabh na toighthe an-ard san am sin - thiocfadh leis na fir hataí, bearaid agus mar sin a chrochadh air. Deirtí fosta gur áit cosanta é - gur minic a bhí basgaid an ime leis an im no b'féidir dornán tae agus siuchra a bhí curtha i dtaisgcidh, crochta uatha seo.
Sin é an maide crochta.- Bailitheoir
- Peadar Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Meártaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall