School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 034
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann i bhfad ó shoin. Bhí sé pósta agus bhí sé an-bhocht.”
Bhí fear ann i bhfad ó shoin. Bhí sé pósta agus bhí sé an bhocht. Rinne sé suas a inntin go rachadh sé go dti an Oileann Úr ach bhí sé an bhocht agus ní rabh airgead no éadach aige. D'imthigh sé agus chas fear siubhail air. Bhí an-droch eadaigh ar an fhear a bhí ag imtheacht agus bhí bróga air mar bheadh dha scala staincinn. D'fiafruigh an fear don fhear siubhail an ndeanfaidh sé malart éadaigh agus bróg leis. Dubhairt an fear siubhail na ndeanfadh no gurbfearr a chuid eadaigh féin i bhfad no a cuid-san. Thugh an fear eile dhá sgilling do bhuta(?) do(?).
Rinne said an malart agus d'imthigh siad. Bhí dá fhear ar an bhaile agus bhí an fhuath aca ar an fhear a d'imthigh. Thainic an fear siubhail aníos agus shil siad gurab é an fear a bhí ar shiubhal é. Mharbh siad é agus cuir siad é i bpoll mhonad. Tamalth ina dhiaidh sin nuair a bhí fir eile ag baint mhonad fuair siad é.
Chuaidh an sgeala amach go bhfuaras fear ins an porthac. Ach ní rabh fhios ce é fein. Le sgéal fada a dheánfad gairid, bhí fear de na fir a mharbh an fear siubhal le posadh ar bean an fir a d'imthigh.
Deirfeadh an bhean go dtiocfad a fear fein go fóill agus deirfeadh an fear a marbh an fear siubhal na dtiocfad, no sil sisean gurab é fear na mná a bhi sí ag cainnt leithe a mharbh (?). Sa deireadh oidhche amain thainic an fear a bhaile agus bhí an fear eile istoigh ag áirneál. Thuit sé agus chuaidh sé a laige. Shil sé gurab é a thaidhbhse a bhí ann. Luighe sé amuigh an oidhche sin ag cinn na(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Fhionnlaoich
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- An Fál Garbh, Co. Donegal