Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 038
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“D'imthigh fear go dtí an Oileán Úr aon uair amháin bhí sé ins an Oileann Úr ar feadh naoi mbliadhain.”
D'imthigh fear godtí an Oileann Úr aon uair amháin. Bhí sé ins an Oileann Úr ar feadh naoi mbliadhain. Ag deireadh an ama sin cuir sé sgeula na baile go rabh sé ag teacht. Rinneadh réidh fa na coinne agus dimthigh an fear fa na coinne godtí an staitúin. Bhí sé ag an staitúin ag fanacht ar an traen a teacht nuair a thainic an traen chonnaic an fear amach cuir an fear fáilte roimhe agus dimthigh siad ag tarraingt ar an bhaile.
Bhí an fear go measarda sean agus bhí an droch eadach ar. Nuair a thainic siad godtí an teach dathain sé nach rabh failte roimhe nuair a bhí sé ann ar feadh cúpla lá cuir sé céist ar muinntear an toighe cá rabh a deirbhshiúir.
Dubhairt fear an toighe nach rabh sí annseo ar cóir ar bith acht go rabh sí pósta lá ar na marach. D'imthigh sé godtí a deirbhshiúir bhí an fáilte aice sa roimhe nuair a bhí sé ann ar feadh cúpla lá dubhairt sé le bean an toighe trucall a fágail agus a chuid eadaigh agus a chuid airgid a thabhairt a baile. Cuir bean an toighe trucall fa coinne na bocsaí nuair a thainic na bocsaí bhí siad lán óir agus airgid. Bhí doigh maith ortha ó sin amach.- Bailitheoir
- Seumas Ó Caomhanach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Dhún na nGall