Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 040
- XML “Na Ceithre Máistrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-Éirinn ins an bhliadhain 1626. Shiubhail sé an Tír ó cheann go ceann. Rinne sé coipeanna cearta dílse do na cunntaisí a bhí le fághail fá naomh-sheanchus na h-Éireann. Nuair a bhí sé ag deanamh na h-oibre seo is iomdha sean-láimhscribhinn a ghéar-sgrúduigh sé.
Fhad agus bhí sé ag gabhail do naomh-sheanchus na h-Éireann, rinne sé fhéin an obair uilig. Bá é Turlach Mac Cochlain a bhí in a phátrún aige nuair a bhí an "Réim Ríoghraidhe" dá chur le chéile aige agus bá é Brian Ruadh Mac Uidhir as Innis Ceitleann a bhí in a phátrún aige nuair a bhí sé ag gabhail do'n "Leabhar Gabhála", agus nuair a thosuigh sé ar "Annála Ríoghachta Éireann", bá é Fearghal Ó Gadhra a bhí in a phátrún aige.
Bá iad na congantóirí a bhí aige:- Fearfeasa Ó Maolchonaire as baile Uí Mhaolconaire i gCo. Roscomáin; Cuchoigcriche Ó Cléirigh as baile Uí Cléirigh i gCo. Dhún na nGall; Cuchoigcriche Ó Duibhgheannain as Co. Liathdroma, agus i gcuideachta sin thug Conaire Ó Cléirigh dearbhrathair Micheal fhéin cuidiú dobhtha agus fear eile a thug beagan cuidigh dobhtha fosta, mar bhí Muiris Ó Maolchonaire.
Seanchas na h-Éireann ó'n aimsear cian-aosta anall go bás Aodh Mhóir Ó Néill sa bhliadhain 1616 atá ins "na h-Annála". 'Sé Seán Ó Donnabhain a chuir eagair ar "na h-Annála" tá 88 bliadhna ó shoin. Leabhar luachmhar atá ann. Tá aistriú béarla ann i gcuideachta téacs Micheail Uí Cléirigh agus cuid mhór nótaí léigheanta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall